Tagairtí déanta ag an feisire tionóil Gregory Campbell faoin nGaeilge le déanaí – Ráiteas ó choiste Chumann Gaelach na hEaglaise
Tá Cumann Gaelach na hEaglaise buartha maidir le tagairtí atá déanta le déanaí ag feisire i dtionól Thuaisceart Éireann– Gregory Campbell MLA– maidir leis an nGaeilge. Rinne an tUas. Campbell scigaithris ar fhrása a úsáidtear go minic ag feisirí sa Tionól: “go raibh maith agat, a Cheann Comhairle”. Lean sé den scigaithris ag comhdháil pháirtí polaitiúil ar na mallaibh.
Chuir na tagairtí seo, agus iad déanta ag duine ar iar–Aire Chultúir i bhfeidhmeannas Thuaisceart Éireann é, olc agus imní ar neart daoine, agus b’fhacthas dóibh gur léirigh siad easpa measa do chainteoirí Gaeilge. Maíodh gur gearán maidir le mí–úsáid na Gaeilge do chuspóirí polaitiúla a bhí i gceist leis na tagairtí céanna. Creideann Cumann Gaelach na hEaglaise, áfach, nach féidir féachaint ar scigaithris teanga den chineál seo ach mar rud ionsaitheach i leith cainteoirí Gaeilge i gcoitinne. Tá an Ghaeilge mar oidhreacht comónta ag gach traidisiún agus pobal ar an oileán seo. Le céad bliain anuas, tá Cumann Gaelach na hEaglaise ag saothrú chun í a chur chun cinn i saol Eaglais na hÉireann, le súil aige ar an nasc láidir atá …read more
Read the full article here: http://ireland.anglican.org/index.php?do=news&newsid=5448



