Seirbhís Idirchreidmheach Ghaeilge In Ardteampall Chríost/ Interdenominational Service In Irish In Christ Church Cathedral

By Lynn Glanville

Dáithí Ó Maolchoille

[English version below]

Beidh Seirbhís Idirchreidmheach trí
Ghaeilge á reáchtáil in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8, Dé hAoine 23
Eanáir 2015 ag 8pm ag Cumann Gaelach na hEaglaise i bpáirtíocht le Pobal an Aifrinn. Is é an téama i mbliana ná Tá an Tobar Domhan.

Ceiliúradh ar Sheachtain na hAontachta Críostaí a bheidh i gceist leis an tSeirbhís seo, atá ar siúl le níos mó ná daichead bliain. Beidh iomainn, paidreacha agus léachtaí ann. Beidh iomainn á gcanadh ag cór Ghaelscoil na Cille, Co na Mí. Cloisfear cainticí agus aintiúin eaglasta ó choimhdeach chór Ardteampall Chríost.

Beidh cléir ó eaglaisí éagsúla i láthair, agus an tUrr Ian Coulter a bheidh mar sheanmóirí i mbliana. Beidh ionadaí an Ard–Mhéara i láthair freisin. Cuirfear sólaistí ar fáil i lusca (crypt) meánaoiseach an Ardteampaill i ndiaidh na Seirbhíse.

Dúirt Dáithí Ó Maolchoille,
Cathaoirleach Chumann Gaelach na hEaglaise,(phictiúr)

“Nuair a chuireamar tús leis an tseirbhís seo in 1971 ní raibh fhios againn cad a bhí
romhainn. Is iontach an tacaíocht a fuaireamar thar na blianta. Is mór an phribhléid dúinn bheith páirteach leis an togra seo go fóill. Tá fáilte roimh chách idir chléir agus tuath”.

Bíonn seirbhísí dátheangacha in Ardteampall Chríost gach mí. Beidh …read more

Read the full article here: http://dublin.anglican.org/news/2015/01/Seirbhs-Idirchreidmheach-Ghaeilge-In-Ardteampall-ChrostInterdenominational-Service-In-Irish-In-Christ-Church-Cathedral-


Submit a Comment